Faigh blaiseadh de thearmann
tuaithe 

Tá trí sheomra leapa i dTeach Loch Bran agus i dTeach Shí Finn, agus tá áiseanna en suite in dhá sheomra sa dá theach.

Tá spás ann d’ochtar i ngach teach acu, le seomra dúbailte, seomra do bheirt agus seomra do thriúr. Mar gheall ar an doras eatarthu tá solúbthacht ann do ghrúpaí nó páirtithe níos mó an dá theach a úsáid mar aonad amháin.

Tá áiseanna ar dóigh sa chistin, seomra bia agus seomra suí oscailte, le cuisneoir agus reoiteoir, micreathonnán, niteoir soithí, inneall níocháin agus triomadóir, teilifís agus seinnteoir DVD.

Déan áirithint anois

Leagan amach an tí

Bunurlár

  • Cistin/Seomra suí/Seomra bia oscailte
  • Seomra folctha

An Chéad urlár

  • Seomra folctha teaghlaigh
  • Seomra leapa dhúbailte le ensuite
  • Seomra leapa do thriúr (Leaba dhúbailte + leaba shingil)

Dara hurlár

  • Seomra leapa ensuite do thriúr (trí leaba shingil)

Áiseanna + Seirbhisí

  • Tuáillí agus línéadaigh san áireamh mar bhunsaoráid
  • Cistin dea-fheistithe
  • Rochtain Wifi
  • Gairdín príobháideach
  • Tábla picnice
  • BBQ
  • Áit súgartha do pháistí óga ar an suíomh
  • Cathaoir ard do pháistí
  • Inneall níocháin / Niteoir triomadóir
  • Adhmad don tine san áireamh
Déan áirithint anois

Gnéithe breise

* Roghnaítear gnéithe breise i ndiaidh duit data a phiocadh

Cuir in áirithe anois

Seiceáil isteach go luath + Seiceáil amach go mall

Cuir in iúl dúinn más maith leat seiceáil isteach go luath/seiceáil amach go mall agus beidh muid i dteagmháil libh chun seo a shocrú más féidir.

Leaba champa + línéadach

Suas go trí leaba champa an teach. Táille bheag i gceist. £15 an leaba

Bricfeasta

Bricfeasta in An Croí. £7 an duine. Roghanna: Friochadh an Cairn, tósta Francach, uibheagán, pancóga, bricfeasta abhacáid