Ar an Suíomh

Bain sult as an réimse áiseanna atá á ofráil anseo mar chuid de An Carn.

Cuireadh an cumann pobail ar bun le cuidiú raon tionscnamh a chur i gcrích agus an aidhm acu daoine folláine, sona agus muiníneacha agus pobal tuaithe inbhuanaithe a chruthú.

An Croí – Teach Caife agus Bistro

Osclaíodh doirse an Chroí i mí na Samhna 2018, agus tá ráchairt mhór ag cuairteoirí agus muintir na háite araon ar an timpeallacht chompordach ghleoite, chomh maith le bia an-bhlasta.

Cuireann An Croí, teach caife agus bistro, seirbhís dhátheangach ar fáil do dhaoine ar mian leo Gaeilge a úsáid agus do dhaoine ar mian leo cúpla focal a úsáid agus iad ar cuairt. Mar sin buail isteach agus faigh blaiseadh den Chroí.

Bricfeasta, lón, tae agus caife, seacht lá sa tseachtain. Bíonn oíche théama ann anois agus arís.

Tá áit súgartha ann in aice leis An Croí agus na tithe.

Amharc ar ár mbiachlár

Siopa an Carn

Bunaíodh Siopa an Carn le saothar ceardaithe agus ealaíontóirí ar fud na hÉireann a chur chun cinn, agus tá sé anois ina ghnó rathúil ann féin.

Tá meas leitheadach ar Shiopa An Carn mar shiopa bronntanas cáiréiseach a dhíríonn ar earraí ceardaíochta agus bronntanais Éireannacha chomhaimseartha. Is féidir cuid dár dtáirgí a phearsantú, mar sin is cinnte go dtiocfaidh tú ar an bhronntanas fhoirfe.

Tá lear mór leabhar in Siopa An Carn, i nGaeilge agus i mBéarla, cártaí beannachta dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar teagaisc, bronntanais Ghaeilge agus a lán eile. Cé go bhfuil an siopa féin oscailte seacht lá na seachtaine, thig leat orduithe a dhéanamh ar líne chomh maith ónár suíomh gréasáin.

www.siopaancarn.com

An Coire – Ionad Ealaíon

Is áit é don phobal teacht le chéile agus a fhéiniúlacht agus a léiriú cultútha a fhorbairt agus a bheachtú. Cuireann an Coire ar fáil fíormheascán d’áiseanna den scoith le spás a thabhairt do thaibheoirí áitiúla agus náisiúnta, an áit fhoirfe le rath agus bláth a bheith ar na healaíona. Fiosraigh anois

Chomh maith le seomraí agus áiseanna comhdhála in an Carn, tá spás mór ilfheidhme againn sa Choire ar féidir é a leagan amach i bhformáidí difriúla le spás a thabhairt do suas le 220 duine i leagan amach amharclainne. Is spás ar dóigh é seo do chomhdhálacha a bhfuil freastal mór orthu agus imeachtaí eile mar cheolchoirmeacha, taispeántais, scannáin agus a lán lán eile. Is féidir é a leagan amach do suas le 160 duine fá choinne ócáid speisialta ar bith.

Áiseanna eile:

Tá spás ar fáil sa Choire le fáil ar cíos fá choinne cóisirí, cruinnithe agus comhdhálacha chomh maith le seomra ealaíon agus ceardlann cheardaíochta.

Ar an Suíomh

Teach Caife agus Bistro

132a Bóthar Thír Chiana,
Máchaire Rátha,
BT46 5NH

028 79549978
info@ancarn.org

Luan - Dé hAoine: 9.00 am – 4 pm
Satharn: 9.00 am – 4 pm
Domhnach: 10 am – 4 pm

Siopa an Carn

132a Bóthar Thír Chiana,
Máchaire Rátha,
BT46 5NH

028 79549978
siopa@ancarn.org

Luan - Dé hAoine: 9.00 am – 5.30 pm
Satharn: 9.30 am – 4 pm
Domhnach: 10 am – 4 pm