Gleann Seáin

Carraig Aifrinn Ghleann Seáin

Is siúlóid dhúshlánach í an siúlóid go dtí an Charraig hAifrinn i Coille Ghleann Seáin atá foirfe chun na céadfaí a mhúscailt. Lean cuid de Shlí Uladh tríd an choille agus ansin dreap chuig an Charraig Aifrinn, ar a dtugtar Cathaoir an tSagairt áit éigin sa 17ú nó 18ú hAois

An Muine Mór

The Jungle

Cuireann An Jungle, atá ina phríomhsholáthar gníomhaíochta lasmuigh ó thuaidh, seirbhís chairdiúil agus ghairmiúil ar fáil a chinnteoidh go mbainfidh tú taitneamh as eachtra bhreá murab ionann agus aon cheann eile.

Cuireann siad réimse leathan gníomhaíochtaí eachtraíochta ar fáil, mar shampla Sórbáil, Millín Péinte, Lámhach Crécholúr, Boghdóireacht, Siúlóireacht le lámaí agus i bhfad níos mó.

Tá sé suite 15 bomaite ó An Teach Glas.

Lough Beg

Oileán na hEaglaise

Is oileán beag é Oileán na hEaglaise ar Loch Be – 1.5 míle ó Bhéal an Átha. Tógadh an seipéal meánaoiseach atá ann inniu ar shuíomh lonnaíochta mhainistreach, a cheaptar a bhunaigh Naomh Taoide (Naomh Thaddeus).

Tá Cloch an Bhulláin ón lonnaíocht luath seo, suite gar don chladach, ó dheas den reilig. Tógadh an túr agus an spuaic don Easpag Hervey as Doire ag deireadh na 1700idí, a bhí le feiceáil óna theach i mBaile Uí Scuillín, agus is sainchomhartha íocónach é go dtí an lá inniu. Tá páirceáil saor in aisce agus ionad amhairc ann ag Coill Longpoint

Dún Geimhin

Gleann Bheannchair

Glac siúlóid ghearr tríd an choill ghéar Ghleann Bheannchair, ceabb de ba ciukkearbacga darach ársa is sine in Éirinn go dtí Taiscumar Allt na hÉigise agus Damba Bheannchair

Tá an tearmann 4 mhíle laisteas de Dhún Geimhin

Cill Ria

The Lake Kilrea

Tá The Lake Cill Ria ar cheann de na háiteanna is fearr in Éirinn do dhaoine de gach aois agus cumas, atá suite 15 bomaite ó An Teach Glas. Is cuma más mian leat an lá a chaitheamh ag léim thart ar an pháirc uisce inséidte is mó in Éirinn, nó am a chaitheamh ag clárchéaslóireachta, cadhcáil nó ag snámh sa loch uisce úr nádúrtha, tá achan rud ar fáil ag The Lake Cill Ria.

Port Rois

Trá na Carraige Báine

Suite díreach in aice le Bealach Cósta Chlochán an Aifir, tiomáint 45 bomaite ón Teach Glas, tá suíomh nádúrtha iontach ag Páirc Chósta na Carraige Báine, le haillte aolchloiche ag síneadh ó Thrá an Chorráin go Caisleán Dhún Lúiche.

Cuirtear trealamh do shurfáil ar fáil ar cíos i siopa atá oscailte go séasúrach ar an láthair. Tá an-tóir ar an trá le siúlóirí go dtí agus ó Phort Rois ar an ghaineamh ón Trá Thoir go dtí na Creagacha Bána. Bain sult as cosán aille ar na haillte, atá mar chuid de Bhealach Uladh / Bealach Cósta Chlochán an Aifir, a chuireann radharcanna iontacha soir agus siar ar fáil.